View this site:
As Gaeilge
In English
Home
Timetable
Sailing Update
Blog
Shop
Calendar
Ship Position
Fares
Cargo
Cape Clear Island
Fastnet Tours
Customer Charter
School Tours
Packaged Tours
Links
Cartoon History
Our History
Photo Gallery
Island Map
Media
All Ferry Services
Schull Ferry
Weather
  Cosáin Marcáilte Oileán Chléire – Rúta nua oscailte

Tá áthas orainn go bhfuil an chuid deireanach den chéad fása de Chosáin Marcáilte Oileán Chléire criochnaithe asus oscailte don Phobal. Nascann an chuid seo an Cosán sa Ghleann leis na cosáin sna Cnoiciní, i bhfocla eile an rúta dearg leis an rúta glas. Tá teacht air trí dhá dhrepadh nua cloch, ceann ar chlé go luath i ndiaidh an gharáiste/stór mór ar Bhóthar an Ghleanna ag dul i dtreo an Sean Teach Solais agus ceann eile ós comhair an gheata go dtí Sean Oifig an Phoist. Solátharaíonn an bealach nua seo búntaistí éagsúla do chuairteoirí agus áitreoirí araon. Seachas an dá chosán a nascadh tá malairt slí ar ais go dtí an Chuan ar fáil anois don líon mór cuairteoirí a théann go dtí an Sean Teach Solais chuile bhliain. Do áitreoirí an Ghleann tá gearr slí ar chos i dtreo Oirthear an Oileáin agus ach go háirithe go dtí an Pháirc Imeartha/Halla Pobail. Dóibh siúid gur cuimhin leo na sean leathanta leanann an cosán nua seo go leor de rúta an sean chosán ón Ghleann a bhí in úsáid ag an glúinte romhainn. Is é an chéad chéim eile atá beartaithe na roinnt boird picnic a lonnú sna Cnoiciní agus fógraíocht feabhasaithe a sholáthar. Is cúis áthais duinn chomh maith go bhfuil cosáin seo an Oileáin luaite sa sár leabhar nua ag Údar Damien Enright, ‘Scenic Walks of West Cork’ agus tá muinín againn go mealfaidh sé seo cuairteoirí nua go dtí an Oileán. Le dhá bhliain anuas is ábhar suntais an lion cuairteoirí atá ag úsáid na cosáin agus an méid aischur fábharach atá ag teacht uathu agus ní féidir dabht a bheith ann faoi éifeacht na forbairtí seo. Tá buíochas mór ag dul dos na huineirí talún éagsúla, sa chás seo Eleanor Uí Drisceoil agus Clann agus Fiona Mac Lachlainn agus do Údarás na Gaeltachta. Séamus Ó Drisceoil. Oileán Chléire.

email: info@cailinoir.com   telephone: 028 41923