View this site:
As Gaeilge
In English
Home
Timetable
Sailing Update
Blog
Shop
Calendar
Ship Position
Fares
Cargo
Cape Clear Island
Fastnet Tours
Customer Charter
School Tours
Packaged Tours
Links
Cartoon History
Our History
Photo Gallery
Island Map
Media
All Ferry Services
Schull Ferry
Weather
  An Nollaig ag teacht go Cléire

Reachtalfar Cóisir na Nollaig, imeacht mór na bliana san Oileán i mbliana ar an satharn 10 Nollaig ag 7.30 pm sa Chlub. Beidh ceol ó Joe Desmond agus gan dabht beidh lán tacaíocht aige ó cheolteoirí agus amhranaithe áitiúla. Ar an clár beidh anraith glasraí agus rogha turcaí/liamhás nó bradán bácáilte don príomh chúrsa. Le haghaidh milseóg beidh sailéid de thorthaí nó mearóg Nollaig agus tae nó caifé. Tá ticéid ar fáil ar €26 sa Siopa Beag roimh an Aoine 10 Nollaig 2011. Mar a tharla le blianta beaga anuas tá sraith imeachtaí beartaithe ar trathnóntaí Dé Domhnaigh idir seo agus an Nollaig ag críochniú le Crannchur Mór na Nollag. Beidh siad seo ar siúl idir 3.30 pm agus 5.30 pm sa CHlub. Seo mar a leanas iad: Dé Domhnaigh 6 Samhain – BINGO Dé Domhnaigh 20 Samhain – Tráth na gCeist Dé Domhnaigh 27 Samhain – Ceardaíocht don Nollaig Dé Domhnaigh 4 Nollaig – Crannchur agus ceol le ceoltóirí aitiúla. Arna reachtáil ag CARA agus fáilte roimh chách.

email: info@cailinoir.com   telephone: 028 41923